NA NAMA NA – DO DO, DO-DO DA
An bhfuil Brian Ó Lionnacháin as a mheabhar? Tá súil agam nach bhfuil. Ach céard tá ar siúl aige? Ar tháinig Daidí na Nollag go luath i mbliana? Tá fhios aige an praghas atá ar shócmhainní na mbanc faoi láthair. Tá muid ar aon intinn faoi sin. Ach cén fáth a bhfuil praghas níos mó á íoc ag Brian ar na sócmhainní sin? Ní thuigim é sin.
An chéad uair eile a théann sé isteach i siopa ealaíne chun píosa ealaíne a cheannacht, céard a dhéanfaidh sé? Breathnú ar an ticéad a bhfuil an praghas air agus ansin dul chuig an cuntar agus fiosrú ón díoltóir cén praghas a bheidh ar an phíosa faoi cheann cúig bliana? Céard do bharúil?
An chéad uair eile a théann sé isteach i seomra taispeántais carranna ag iarraidh carr a cheannacht, céard a dhéanfaidh sé? An ndéarfaidh sé leis an díoltóir go n-íocfaidh sé an luach a bheidh ar an charr faoi cheann cúig bliana? Guímís!
Cá bhfuil an chiall san íocaíocht breise a bhfuil Brian ag tabhairt don na bainc? Níl sé ann.
Aontaím go bhfuil gá ann níos mó caipitil a chur isteach sna bainc. Ach is féidir é sin a dhéanamh ar bhealaigh eile. Mar shampla, cuir an t-airgead isteach i bhfoirm scairchaipitil – gnáthscaireanna, scaireanna tosaíochta, A scaireanna, B scaireanna. Is cuma cén t-ainm a chuireann tú othu, ach bí cinnte go bhfaighidh tú díbhinn ar na scaireanna uilig gach bliain agus gur féidir leat iad a dhíol sna todhchaí, nó ar a laghad, aisíoc a fháil orthu am éigin.
Brian, a chara! Tá Chleachtas Cuntasaíochta á dhíol agam …
Maureen Ní Ghóillín